Filtra per genere
- 928 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 04 Samhain 2020.
Chuir Máirtín Tom Sheáinín an t'eagrán deireanach d'Ardtráthnóna i láthair inniu. Tá sé ag fagál slán leis an Raidió théis beagnach 31 bliain. Ar an gclár deire labhair sé le Mary Lou MacDonald, Seán Ó Murchú agus rinne Seán Ó hÉanaigh píosa cainte, chríochna sé an clár le mír na Cartlainne agus d'fhág sé slán speisialta ag deire an chlár.
Wed, 4 Nov 2020 - 49min - 927 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 21 Deireadh Fómhair 2020.Wed, 21 Oct 2020 - 51min
- 926 - Mír na Cartlainne.
Mary Val de Bhailís, nach maireann - Clár a rinne Máirtín Tom Sheáinín le Mary Val ar an 19 Bealtaine 2005.
Wed, 21 Oct 2020 - 28min - 925 - Máirín Mhic Lochlainn.
Ag cur síos ar an luibheolaí Patrick Murphy agus an cúrsa atá á chur ar siúl aige a bhaineann le luibheanna agus an bealachy le luibheanna a úsáid. Is féidir eolas a fháil faoi ag www.herbalstudyaccademy.com agus is féidir iad a dhéanamh ar líne nó thríd an bpost.
Wed, 21 Oct 2020 - 10min - 924 - Ardtráthnóna: Dé Luain 19 Deireadh Fómhair 2020.
Tomás Ó Conghaile, Maggie Willie Ní Fhlatharta, Seán Ó hÉanaigh, Colm Mac Donnacha agus Máire T. Uí Ghríofa - FA Cup: Pádraig Reaney - Taispeántas Ealaíne.
Mon, 19 Oct 2020 - 52min - 923 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 13 Deireadh Fómhair 2020.
Michael Phatch Breathnach - aithris píosa filíocht: Brian Terry Mac Donnacha - clog nua feistithe ar Shéipéal Chill Treasa, Ros a' Mhíl: MacDara Ó Conaola agus Sarah Ghriallais - amhrán "Peigín is Peadar": Mír na Cartlainne.
Wed, 14 Oct 2020 - 54min - 922 - Ardtráthnóna: Dé Luain 12 Deireadh Fómhair 2020.
Johnny Cloherty(Johnny Mhicilín Phádraic Mhicil Ó Clochartaigh, nach maireann - Maidin Déardaoin seo caite a d'fhág Johnny slán leis an saol seo. Chuaigh Máirtín chomh fada leis agus é ag freastal ar Ionad lae in n-Áras Mhic Dara 28 Lúnasa, 2018, is i n-Áras Mhic Dara a chaith Johnny an dá bhliain deireadh dhá shaol.
Mon, 12 Oct 2020 - 53min - 919 - Ar an mBóthar: Dé Luain 05 Deireadh Fómhair 2020 - athchraoladh.
Mattie Cevan Ó Nia - Bhí Mattie ag cur síos ar a shaol i Ros Muc, na blianta a chaith sé ag obair leis an Power Station i Scríb agus na blianta a chaith sé ag imirt peil.
Mon, 5 Oct 2020 - 48min - 915 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 06 Deireadh Fómhair 2020.
Mary John Tom Bhreathnach - Ceiliúradh a lá breithe inné: Matt Nolan - Covid 19 agus instealladh an fliú
Tue, 6 Oct 2020 - 53min - 908 - Ardtráthnóna: Dé Luain 09 Márta 2020.
Áine Uí Dhomhnaill - Ceol i Halla Éinne: Micheál Ó Domhnaill - oíche cheoil do Ospidéal na Leanaí i Sráid an Teampaill.
Mon, 9 Mar 2020 - 56min - 907 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 04 Feabhra 2020.
Tomhais: Mír na Cartlainne - Michael Dhonnchú, as Ros a' Mhíl, nach maireann ag caint le Johnny Shéamuis.
Wed, 4 Mar 2020 - 57min - 903 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 19 Feabhra 2020.Wed, 19 Feb 2020 - 57min
- 902 - Bríd de Róiste, ó Choiste Fhéile Pan Cheilteach.
Beidh comórtas Náisiúnta an Pan Cheilteach ar siúl i gCeartharlach oíche Dé Sathairn agus scór amhrán san iomaíocht. Éireoidh leis an mbuaiteoir ionadaíocht a dhéana do Éirinn sa gcomórtas idirnáisiúnta faoi Cháisc.
Wed, 19 Feb 2020 - 17min - 901 - Mír na Cartlainne.Wed, 19 Feb 2020 - 22min
- 900 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 18 Feabhra 2020.
Máire Ferrins - fuair an madra a bhí aice le cheithre bliana déag bás: Bridie Uí Chatháin - Seasca sé bliain pósta.
Tue, 18 Feb 2020 - 55min - 899 - Máire Ferrins, as Dubhithir, Carna.
Bhí Máire ag labhairt ar an ngadhair a fuair bás uirtha a bhí aici le cheithre bliana déag agus dár ainm "Buddy". Tá gadhair eile faighte aici anois agus "Euro" a thug sí mar ainm air.b
Tue, 18 Feb 2020 - 10min - 898 - Bridie Uí Chatháin, as an bhFál Mór.
Bhí Bridie agus Harry ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inné agus iad seasca sé bliain pósta. Phós siad ar an Déardaoin 18 Feabhra 1954. Chuaigh siad ar mí na meala go hAcaill i gcóir an lae.
Tue, 18 Feb 2020 - 17min - 897 - Ardtráthnóna: Dé Luain 17 Feabhra 2020.
Colm Seoighe - "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint ó Londain go Maigh Eo: Micheal Tommy Ó Gallchóir - Tarracóir as Londain go dtí an Corrán 1971.
Mon, 17 Feb 2020 - 57min - 896 - Colm Seoighe, as Ros a' Mhíl.
Beidh an grúpa "Extreme Tractor Runs" ag tiomáint sé tharracóir déag ó Londain go Cill Cheallaigh, i gContae Mhaigh Eo ar mhaithe le airgead a bhailiú don eagraíocht "Daisy Lodge" atá ag iarraidh ionad nua a thógáil i gConga.
Mon, 17 Feb 2020 - 16min - 895 - Micheal Tommy Ó Gallchóir, as an gCorrán, Acaill.
Ag labhairt ar an am a thiomáin sé tarracóir as Londain go dtí an Corrán in Acaill i 1971, d'fhág sé Londain ar an Domhnach 14 Márta agus bhí sé ar an gCorrán Lá Pádraig.
Mon, 17 Feb 2020 - 20min - 894 - Ardtráthnóna: Déardaoin 13 Feabhra 2020.
Seán Kyne, Príomh Aoire an Rialtais agus Aire Stáit na Gaeltachta ag caint le Cóilín Ó Neachtain - I gceantar Ghaillimh Thiar cháill Seán Kyne, a shuíochán agus labhair sé faoi le Cóilín Ó Neachtain.
Thu, 13 Feb 2020 - 55min - 893 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 11 Feabhra 2020.
Felicitas Payk - Scoil Cheoil an Earraigh: Geraldine Gannon - obair fheabhsúcháin Scoil Thír an Fhia.
Tue, 11 Feb 2020 - 56min - 892 - Felicitas Payk, as an nGearmáin.
Tá Felicitas ag tabhairt cuairt ar Éirinn arís i mbliana le freastal ar "Scoil Cheoil an Earraigh" atá le bheith ar siúl i gCiarraí an tseachtain seo chugainn.
Tue, 11 Feb 2020 - 13min - 891 - Geraldine Gannon, rúnaí Choiste na dTuismitheoirí i scoil Thír an Fhia.
Tá Bingo mór le bheith ag Coiste Tuismitheoirí Scoil Thír Fhia, oíche Dé Sathairn seo chugainn i nIonad Pobail Leitir Móir ar mhaithe le airgead a bhailiú den obair fheabhsúcháin atá le déanamh ar an scoil. Tá súil acu tosaigh ar chlós nua agus ar pháirc Astro go gairid.
Tue, 11 Feb 2020 - 10min - 890 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 04 Feabhra 2020.
Clár ar Dharach Ó Catháin - Darach Ó Catháin, nach maireann ag caint le Meaití Joe Shéamuis Ó Fátharta, Bidín Uí Chatháin, bean chéile Dharach Ó Catháin -
Tue, 4 Feb 2020 - 55min - 889 - Ardtráthnóna: Dé Luain 03 Feabhra 2020.
Joe Steve Ó Neachtain, maireann & Máirín Uí Neachtain - Agallamh beirte - "An tAifreann is an tEaspag":Máirtín Ó Duitche & Seán Ó Cearnaigh: Tom a tSeoighe -Amhrán an Raidió: John Beag & Danny de Bhailís- Agallamh beirte "An Glór agus an tÉadan": John Beag - Amhrán na Teilifíse: Johnny Chóil Mhaidhc & Máirtín Jaimsie - Scrúdú Tomána.
Mon, 3 Feb 2020 - 54min - 888 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 28 Eanáir 2020.Tue, 28 Jan 2020 - 47min
- 887 - Pádraic Ó Gionnáin, as Cill Ghallagáin, i gCo. Mhaigh Eo.
Tá Pádraic tar éis coicís a chaith sa Ospidéal. Bhí drochshlaghdán air aimsir na Nollaig agus fuair sé nóibhéine dhá bharr. Dúirt an Dochtúr leis san Ospidéal go raibh an tádh air mar go raibh sé i mbaol báis dá mbeadh sé fágtha tada níos fuide aige.
Tue, 28 Jan 2020 - 17min - 886 - Mary O'Toole, as Cill Chiaráin.
Beidh sí ag dul anonn go Fatima ar an dara lá de mí Meitheamh. Dúirt Mary go mbeidh nóibhéine ag tosú i gCill Chiaráin ar an 10 Feabhra.
Tue, 28 Jan 2020 - 13min - 885 - Ardtráthnóna: Dé Luain 27 Eanáir 2020.
Niamh, Clíona agus Róisín Ní Dhúgáin - Bhí siad ocht mbliana déag d'aois Dé Céadaoin seo caite an 22 Eanáir: Annie Uí Chadhain - Tá Annie agus a fear céile Pádraic trí scór agus cheithre bliana pósta inniu.
Mon, 27 Jan 2020 - 56min - 884 - Niamh, Clíona agus Róisín Ní Dhúgáin, as Indreabhán.
Bhí na cailíní ocht mbliana déag d'aois Dé Céadaoin seo caite ar an 22 Eanáir. Tá siad ag déanamh an Ardteistiméireacht an samhradh seo. Labhair siad ar na rudaí a bhfuil suim acu ann agus céard a mhaith leo a dhéanamh tar éis an ardteistiméaracht.
Mon, 27 Jan 2020 - 18min - 883 - Annie Uí Chadhain, as Doirín Glas, Leitir Móir.
Tá Annie agus a fear céile Pádraic trí scór agus cheithre bliana pósta inniu. Chuir sí síos ar a saol nuair a phós siad. Is in Inis Barr an Chuain a rugadh agus a tógadh Annie. Tá Pádraic 91 bliain d'aois ó tús na míosa seo.
Mon, 27 Jan 2020 - 13min - 882 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 15 Eanáir 2020.Wed, 15 Jan 2020 - 55min
- 881 - Máirín Mhic Lochlainn.
Beidh an chéad oíche airneáin den bhliain 2020 ar siúl sa leabharlann ar an gCeathrú Rua ag 6 a chlog tráthnóna amárach
Wed, 15 Jan 2020 - 11min - 880 - Mír Cartlainne.
I bpíosa na cartlainne inniu bhí - Máiréad Nic Dhonnchadha, Pádraig Ó hAoláin, Michael Dhonnchú, Seán Ó Tuairisg, Pádraic Ó Catháin, nach maireann agus Tom Sailí Ó Flaithearta.
Wed, 15 Jan 2020 - 23min - 879 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 14 Eanáir 2020.Tue, 14 Jan 2020 - 55min
- 878 - Mary John Tom Bhreathnach, Fód Dubh.
Bhí an gala Brendan ar an ngála is measa a chonaic Mary le fada an lá ar an bhFód Dubh. Rinne Mary cur síos freisin ar lá Bríde agus na nósanna a bhíodh acu ann.
Tue, 14 Jan 2020 - 24min - 877 - Clare Horgan, ceoltóir agus amhránaí as An Coireán i gCiarraí.
D'éirigh le Clare ardghradam turasóireacht a fháil ón Roinn Gnóthaí Eachtrach agus Cultúr na hÉireann an bhliain seo caite le deis a thabhairt de a cuid amhráin agus ceol a thabhairt go Meiriceá.
Tue, 14 Jan 2020 - 16min - 876 - Ardtráthnóna: Dé Luain 13 Eanáir 2020.
Peadar Mór Ó Conghaile - Ag labhairt faoi go bhfuil sé ag socrú na talún ag réiteach le haghaidh fataí a chur i mbliana: Éamonn Coyle - Ag labhairt faoi go bhfuil Féilire tugtha amach ag Éamonn ar a bhfuil pictiúr do thrí oileáin i nDún na nGall.
Mon, 13 Jan 2020 - 56min - 875 - Ardtráthnóna: Déardaoin 09 Eanáir 2020.Thu, 9 Jan 2020 - 55min
- 874 - Máirín Joe Churraoin, Trá Bháin.
Bhí Máirín ag labhairt faoi chara, colceathrar léi a bhí mbaile as Sasana. Bhí sí tinn le ailse agus thug Máirín ag Tobar Naomh Anna í áit a dhearna sí an turas. Nuair a chuaigh sí ar ais go Sasana chuaigh sí ag an doctúr rinne sé na tástálacha bhí an ailse imigh as a corp.
Thu, 9 Jan 2020 - 17min - 873 - Bríd de Róiste, ó Choiste Fhéile Pan Ceilteach.
Beidh Comórtas Amhrán Nua chumtha Pan Cheilteach 2020 ar siúl i gCeatharlach ar an Satharn 22 Feabhra agus sé Dé hAoine an 17 Eanáir an dáta deireadh le amhrán a bheith istigh don chomórtas.
Thu, 9 Jan 2020 - 15min - 872 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 08 Eanáir 2020.
Pádraic Ó Ciardha - Tá sé ag cur leabhar le chéile faoi litreacha Gaeilge a bhíodh daoine a chur abhaile fadó as tíortha i bhfad ó bhaile: Mír na Cartlainne .
Wed, 8 Jan 2020 - 56min - 871 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 07 Eanáir 2020.
An tAthair Máirtín Ó Móráin agus Seámus Ó Gabháin - Máirtín agus Kathleen McEvily seachtú ceathair bliain pósta: Tom Kenny - Siopa Uí Chionnaith cheithre scór bliain ar an bhfód.
Tue, 7 Jan 2020 - 56min - 870 - An tAthair Máirtín Ó Móráin, Cill Aithnín agus Séamus Ó Gabháin, as Maigh Cuilinn.
Ag labhairt faoi go bhfuil Máirtín agus Kathleen McEvily, as Ros Cathail ag ceiliúradh cothrom a lae bpósta inniu, tá siad seachtú ceathair bliain pósta.
Tue, 7 Jan 2020 - 29min - 869 - Tom Kenny, ó shiopa Uí Chionnaith i nGaillimh.
Beidh siopa Uí Chionnaith i nGaillimh ag ceiliúradh cheithre scór bliain ar an bhfód i mbliana agus tá roinnt imeachtaí beartaithe acu i rith na bliana le ceiliúradh a dhéanamh. Tá cúigear de chlann Uí Chionnaith ag obair sa ngnó chomh maith leis an ngarchlann.
Tue, 7 Jan 2020 - 18min - 864 - Ardtráthnóna: Déardaoin 12 Samhain 2019.
Sinéad Ní Ráinne - Tá leabhar agus dlúthdhiosca curtha le chéile ag Sinéad do na hamhráin a bhfuil baint acu leis an Trá Bháin. Beidh an leabhar á sheoladh i scoil Rónáin, sa Trá Bháin, oíche Dé Sathairn ag a seacht a chlog.
Thu, 12 Dec 2019 - 57min - 863 - Ardtráthnóna: Déardaoin 04 Nollaig 2019.Wed, 4 Dec 2019 - 58min
- 862 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 26 Samhain 2019.
John Bhaba Jeaic Ó Conghaile -Ceantar na nOileán: Evan Ó Gríofa, Breandán Ó hEaghra agus Gráinne Nic an Bháird - Tá sparántacht le bronnadh ar Evan Ó Gríofa, Dé hAoine seo chugainn i gcuimhne ar PJ Mac Donnacha as Muiceannach.
Tue, 26 Nov 2019 - 56min - 861 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 20 Samhain 2019.Wed, 20 Nov 2019 - 56min
- 860 - Stiofán Ó Móráin, Cathaoirleach Chonradh na Gaeilge, i gCaisleán an Bharraigh.
Tá gradam le bronnadh amárach ar an gcraoltóir Seán Bán Breathnach. Tá Seán Bán Breathnach caoga bliain ag craoladh i mbliana.
Wed, 20 Nov 2019 - 06min - 859 - Mír na Cartlainne, mír a haon.
Comórtas Amhránaíochta Chóil Nana Pháidín. Cómórtas amhránaíocht faoi 16 a bhí ann. Na daoine a chas - Aisling Ní Labhara, Mairéad Ní Fhlatharta, Síle Seoighe. Tógadh an píosa seo i 1993 ag Pléaráca Chonamara.
Wed, 20 Nov 2019 - 11min - 858 - Mír na Cartlainne a dó.
Chuaigh Máirtín Davy siar chomh fada le scoil Náisiúnta Thír an Fhia i mí Dheireadh Fómhair 1979 agus cloiseann muid é ag caint le gasúir a bhí thart ar deich mbliana ag an am sin sa scoil.
Wed, 20 Nov 2019 - 09min - 857 - Ar an mBóthar: Dé Máirt 05 Samhain 2019.
Pádraic Mhichael Phatch a Bhreathnaigh - Ag cur síos ar a athair Michael Phatch agus a chuid filíocht agus labhair sé ar an tréimhse a chaith sé fhéin agus a bhean Máirín i Sasana.
Tue, 5 Nov 2019 - 44min - 856 - Ardtráthnóna: Dé Luain 04 Samhain 2019.
Seán Mac Conamara - Cur síos ar Choiste Cearta Daonna a bunaíodh in Acaill sa mbliain 1967. Tharla sé de bharr gur tugadh seasca ceathair duine os cóir na cuairte in Acaill de bharr go dtáinig siad abhaile as Sasana aimsir an ghalar Crúb agus Béil i 1967.
Mon, 4 Nov 2019 - 53min - 855 - Ar an mBóthar: Dé Máirt 22 Deireadh Fómhair 2019.
John Twin MacNamara: Ag cur síos ar a mhuintir agus a shaol in Acaill. Creideann sé sa mallacht a cuireadh ar fhoireann Mhaigh Eo. Bhí sé ag Craobh Ceannais na hÉireann i 1951 nuair a bhuaigh Maigh Eo.
Tue, 22 Oct 2019 - 46min - 854 - Ardtráthnóna: Dé Luain 21 Deireadh Fómhair 2010.Mon, 21 Oct 2019 - 57min
- 853 - Biddín Sheáin Dharach Seoighe, as an gCladach ó Dheas, Ros Muc.
Bhí Biddín ag ceiliúradh a lá breithe Dé Sathairn seo caite agus í céad bliain d’aois. Tháinig Biddín ar an saol ar an 20 Deireadh Fómhair, 1919. Chuaigh Máirtín Tom Sheáinín ar cuairt aice agus rinne sí cur síos ar a saol agus a saothar agus na hathraíodh atá feicthe aice le céad bliain.
Mon, 21 Oct 2019 - 43min - 852 - Ardtráthnóna: Déardaoin 17 Deireadh Fómhair 2019.
Pádraic Phádraic Thomáis Ó Raghallaigh - Teneriffe agus Luibheanna: Péadraic Mac Donncha agus Colm Mac Con Rí - Taithí Oibre i Raidió na Gaeltachta: Séamus Ó Scanláin - Gradam an Oireachtais.
Thu, 17 Oct 2019 - 55min - 851 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 16 Deireadh Fómhair 2016.Wed, 16 Oct 2019 - 57min
- 850 - Máire Ferrins, Dubhithir, Carna.
Bhí Máire ag glaoch ar an gclár ag cuartú uibheacha ó aon duine don phobal a mbeadh siad acu le haghaidh an chearc a chuir ar gur.
Wed, 16 Oct 2019 - 11min - 849 - Máirín Mhic Lochlainn.
Ag labhairt faoi go mbeidh oícheanta airneáin ag tosú ar ais san oíche amárach i leabharlann na Ceathrú Rua. Tá na hoícheanta ar siúl le ocht mbliana agus tá míle fáilte roimh an bpobal.
Wed, 16 Oct 2019 - 09min - 848 - Mír na Cartlainne.
I mír na Cartlainne is léacht a thug Ian Lee in Áras Mháirtín Uí Chadhain ar an gCeathrú Rua faoi amhránaithe agus ceoltóirí as Conamara a thóg RTÉ ó 1947.
Wed, 16 Oct 2019 - 20min - 847 - Ardtráthnóna: Dé Luain 14 Deireadh Fómhair 2019.Mon, 14 Oct 2019 - 56min
- 846 - Pacáiste ó Éigse Dharach Uí Chatháin, i Rath Chairn.
Bhí Máirtín i Rath Cairn ar an deireadh seachtaine ag Éigse Dharach Uí Chatháin agus labhair sé le roinnt daoine agus chas roinnt daoine amhráin agus píosaí ceoil.
Mon, 14 Oct 2019 - 27min - 837 - Ardtráthnóna: Déardaoin 21 Samhain 2019.Thu, 21 Nov 2019 - 55min
- 836 - Liam Ó Maolodha, Stiúrthóir an Oireachtais.Thu, 21 Nov 2019 - 30min
- 835 - Máirtín Ó Cualáin, Carna.
Tá Máirtín ar thaithí oibre anseo i Raidió na Gaeltachta ar feadh seachtaine. Labhair sé le Máirtín agus chas sé cúpla píosa ceoil.
Thu, 21 Nov 2019 - 12min - 834 - Ardtráthnóna: Dé Luain 18 Samhain 2019.
Féile Rath Cairn - Bhí Máirtín ag an bhFéile agus labhair sé le buaiteoirí chomórtais na namhráin - Jimí Ó Curraoin, Máire Ní Churraoin agus Sorcha Ní Mhonacháin agus Rónán Ó Conghaile.
Mon, 18 Nov 2019 - 57min - 833 - Ardtráthnóna: Déardaoin 07 Samhain 2019.
Paddy Ó Biadh - Féilire 2020 Oidhreacht na nOileán: Seáinín Chóil Nana Pháidín Mac Donnacha - Féile na Mí: Bríd de Róiste.
Thu, 7 Nov 2019 - 55min - 832 - Paddy Ó Biadh, as Leitir Mealláin.Thu, 7 Nov 2019 - 15min
- 831 - Seáinín Chóil Nana Pháidín Mac Donnacha.
Beidh Féile na Mí ar siúl ar an deireadh seachtaine 16 agus 17 Samhain. Rinne Seáinín cur síos ar na himeachtaí a bhíos ar siúl ag an bhFéile.
Thu, 7 Nov 2019 - 09min - 830 - Bríd de Róiste, ó Choiste Pan Ceilteach.
Beidh comórtas Amhrán Nua Chumtha Pan Cheilteach ar siúl arís ar an 22 Feabhra, 2020. Thug Bríd le fios go Dé hAoine 15 Eanáir, 2020 an dáta deireadh le cur isteach ar an gcomórtas.
Thu, 7 Nov 2019 - 05min - 829 - Ardtráthnóna: Dé Ceadaoin 06 Samhain 2019.Wed, 6 Nov 2019 - 55min
- 828 - Nan Tom Taimín de Búrca.
Tá dlúthdiosca nua curtha amach ag Nan agus is amhráin ceol tíre as Béarla. Beidh sí dhá sheoladh Tigh Mheaic oíche Dé Sathairn. Labhair Nan ar na hamhráin a bhíonn á chasadh ag comórtais sean-nóis ag an Oireachtas agus na hamhráin nach dtabharfadh sí fhéin aon mharc dóibh dhá mbeadh sí ag moltóireacht.
Wed, 6 Nov 2019 - 22min - 827 - Mír na Cartlainne.Wed, 6 Nov 2019 - 19min
- 825 - Ardtráthnóna: Déardaoin 24 Deireadh Fómhair 2019.
Seán Ó Gráinne - Cóir as an mBreatain Bhig i Séipéal Bhearna oíche Samhna: Caitríona Ní Cheannabháin - Éigse Mhichael Mháire Ghabha.
Thu, 24 Oct 2019 - 55min - 824 - Seán Ó Gráinne, as na Forbacha.
Ag labhairt ar an gCóir as an mBreatain Beag atá le dhá choirmcheoil a bheidh acu i nGaillimh ceann i Séipéal Bhearna, oíche Shamhna agus ceann eile i Séipéal St. Nicholas i nGaillimh ar an gcéad lá do mhí na Samhna.
Thu, 24 Oct 2019 - 13min - 823 - Caitríona Ní Cheannabháin.
Ag cur síos ar na himeachtaí a bhéas ar siúl ag Éigse Mhichael Mháire Ghabha an deireadh seachtaine seo i gCarna. Labhair Caitríona freisin ar an uair a chaill sí a glór agus an chaoi a fuair sí leigheas air.
Thu, 24 Oct 2019 - 17min - 822 - Ar an mBóthar: Dé Céadaoin 06 Meitheamh 2019.Wed, 23 Oct 2019 - 41min
- 821 - Ardtráthnóna: Dé Máirt 14 Deireadh Fómhair 2019.
Fearghas MacLochlainn - Biongó Scoil Sailearna: Rós Uí Bhraonáin, Ailish Bhreathnach, Máirín Uí Ghionnáin agus Pádraic Seoighe - Tomhais: Liam Ó Droma - Ailse béil.
Tue, 15 Oct 2019 - 57min - 820 - Fearghas Mac Lochlainn, Príomhoide Scoil Sailearna.
Tá coiste tuismitheoirí Scoil Sailearna ag eagrú biongó mór Dé Domhnaigh seo chugainn ar mhaith le airgead a bhailiú don scoil. Bhí Fearghas labhairt faoi bheith ag éirí as a phost mar phríomhoide ar Scoil Sailearna tar éis ocht mbliana déag.
Tue, 15 Oct 2019 - 16min - 819 - Liam Ó Droma, fiaclóir ar an Spidéal.
Bhí Liam ag tabhairt le fios go mbeidh deis ag daoine tástáil a fháil déanta le haghaidh ailse béil, saor in aisce, amárach Dé Céadaoin, san Ionad Fiaclóireacht atá aige ar an Spidéal.
Tue, 15 Oct 2019 - 15min - 816 - Ardtráthnóna: Dé Céadaoin 09 Deireadh Fómhair 2019.Wed, 9 Oct 2019 - 58min
- 815 - Andreas Vogel, Gearmánach ó dhúchas agus atá ag obair le Muintearas.
Ag cur síos ar an togra atá idir lámha aige faoi láthair ina bhfuil naonúr filí as ceantar na nOileán a mbeidh a gcuid amhráin á chur ar App agus a bhéas le feiceáil ar YouTube agus Instagram amach i dtús na bliana seo.
Wed, 9 Oct 2019 - 33min - 814 - Mír na Cartlainne - Máire Pheaitín Terry Mhic Dhonnchadha, nach maireann.
Mír na Cartlainne - Píosa cainte a rinne Máire ar an gclár "Ag Breathnú Uaim" ar an 14 Deireadh Fómhair 2001 le Marian Nic Con Iomaire. Labhair sí ar Bruce Ismay agus ar an am a chaith sé i Lodge Chasla.
Wed, 9 Oct 2019 - 15min - 813 - Máire Rua Uí Chonbhuí, as Carna.
Ag labhairt ar an mbingo atá ag tosú i gCarna anocht ar mhaithe le airgead a bhailiú do Ionad Cúram Leanaí Charna le cúnamh a thabhairt i dtaobh costais an Ionad.
Mon, 7 Oct 2019 - 07min - 812 - Paddy Folan, as Rosmuc agus Meaití Ceven Ó Niadh, Uachtarán Chumann Peile na bPiarsach.
Tá Cumann Peile na bPiarsach i Ros Muc ag ceiliúradh trí scór bliain ar an bhfód i mbliana. Labhair Paddy agus Meaiti ar stair an Chumainn agus nuair a thosaigh siad an chéad lá riamh ag cruinniú a bhí i gCamus.
Mon, 7 Oct 2019 - 36min - 811 - Cóilín Mullens, Cathaoirleach Coiste Peile na bPiarsaigh.
Rinne Cóilín cur síos ar an gcomóradh atá le bheith ag Cumann na Piarsaigh trí scór bliain an deireadh seachtaine seo an 12 agus 13 Deireadh Fómhair.
Mon, 7 Oct 2019 - 05min - 810 - Ardtráthnóna: Dé hAoine 07 Deireadh Fómhair, 2019.
Máire Rua Uí Chonbhuí - Bingo i gCarna: Paddy Folan, Meaití Ceven Ó Niadh agus Cóilín Mullen - Cumann Peile na bPiarsach trí scór bliain.
Mon, 7 Oct 2019 - 57min
Podcast simili a <nome>
- Kriminálka Český rozhlas
- El Partidazo de COPE COPE
- Herrera en COPE COPE
- The Dan Bongino Show Cumulus Podcast Network | Dan Bongino
- Es la Mañana de Federico esRadio
- La Noche de Dieter esRadio
- Hondelatte Raconte - Christophe Hondelatte Europe 1
- Affaires sensibles France Inter
- La rosa de los vientos OndaCero
- Más de uno OndaCero
- La Zanzara Radio 24
- Espacio en blanco Radio Nacional
- Les Grosses Têtes RTL
- L'Heure Du Crime RTL
- El Larguero SER Podcast
- Nadie Sabe Nada SER Podcast
- SER Historia SER Podcast
- Todo Concostrina SER Podcast
- 安住紳一郎の日曜天国 TBS RADIO
- The Tucker Carlson Show Tucker Carlson Network
- 辛坊治郎 ズーム そこまで言うか! ニッポン放送
- 飯田浩司のOK! Cozy up! Podcast ニッポン放送
- 武田鉄矢・今朝の三枚おろし 文化放送PodcastQR
Altri podcast di Notizie e Politica
- Global News Podcast BBC World Service
- NIGHTTIME TALK WITH NIALL BOYLAN Classic Hits
- CNN Politics CNN Audio
- The Neil Prendeville Show | Cork's RedFM Red FM
- Ukraine: The Latest The Telegraph
- Opinions Matter with Adrian & Jeremy GoLoud
- The Indo Daily Irish Independent
- Economist Podcasts The Economist
- The Rachel Maddow Show Rachel Maddow, MSNBC
- Path to Power Matt Cooper & Ivan Yates
- The Today Podcast BBC Radio 4
- Morning Joe Joe Scarborough and Mika Brzezinski, MSNBC
- C dans l'air France Télévisions
- The News Agents Global
- The Rest Is Politics: US Goalhanger
- The Anton Savage Show Newstalk
- Tipp FM Radio Tipp FM Radio
- Poranna rozmowa w RMF FM RMF FM
- The Rest Is Politics Goalhanger
- Israel News Talk Radio Israel News Talk Radio